NAOMH DEIRBHILE
Deirtear gur mhair Naomh Deirbhile sa seú aois agus go raibh sí ina conaí i gCondae na Mí. Duine uasal a bhí inti agus b’é Cormac Mac Daithí a h-athair. Ba de shliocht (descendant) Rí Daithí é. Dé réir an bhéaloideas b’é Rí Daithí an t-Árd Rí deireanach páganach a bhí in Eirinn. D’fhág Naomh Deirbhile Condae na mí chun ealú ón prionsa a bhí i ngrá léi.
Cailín álainn a bhí inti agus bhí sé ag iarraidh í a phósadh. Thug a h-athair cead dhó ach dhiúltaigh sí é. D’fhág sí Condae na Mí agus thaisteal sí go dtí an ceantar seo ag marcaíocht ar asal. Chuir sí fúithi ar an bhfálmór. Lean sé é.
Nuair a chas siad le chéile arís d’iarr sí dhó céard é an rud ba mhó a bhí sé i ngrá le.
Dúirt sé léi gur b’iad a cuid súile. Tharraing sí amach iad agus chaith sí chuige iad.
D’imigh sé leis agus bhí briseadh croí air. An áit inar thit a súile thosaigh uisce ag teach aníos ón talamh. Bhí sí caoch ach nuair a nígh sí a cuid súile leis an uisce fuair sí radharc na súile arais. Sin é an áit atá Tobar Deirbhile anois, ar an bhFálmór.
Glaíonn muintir na h-áite “An Dabhaigh”. Sin sean ghaeilge i gcomhair tobar beannaithe.
Deirtear go bhfuil laigheas san uisce do dhaoine atá fadhbanna súile acu. Bíonn oilithreach (pilgrimage) chuig an tobar gach bliain ar an cúigú lá déag de Lúnasa.
Chaith Naomh Deirbhile a saol ag déanamh obair Dé. Thug sí aire do na daoine a bhí tinn agus bocht. Bhunaigh sí Clochar ar an bhfálmór, san áit ina bhfuil teampall Deirbhile. Áit eile ar an bhFálmór atá baint aige le Naomh Deirbhile nó Glún an asail.
Deirtear gur thit an t-asal nuair a bhí sí ag thaisteal go dtí an Fálmór agus gur fhág sé lorg a ghlúin sa chloch. Deirtear go bhfuil laigheas ann i gcóir faithne (warts). Tá
Naomh Deirbhile curtha i nuaigh Deirbhile in aice le Teampall Deirbhile. Deirtear nach bhfásann féar ar Uaigh Naomh riamh agus níl aon fhear ag fás ar Uaigh Naomh Deirble.
​
SEÁN AN OILEÁIN
Bhí fear ina chónaí in Inis Gluaire fadó a dtugadh siad Sean an Oileáin air, faoi cheann scathadh fuair a bheann bás agus chuaigh sé a chónaí go hEannach atá giota ó Thuaidh air thaobh na Tíre Móire. Théadh Seán go mion ‘s go minic air cuairt go Inis Gluaire air feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
An lá áirthid seo cuireadh moill air agus bhí sé bun-mhall nuair a d’fhág sé an tIoleán, ach leis an gclop-sholas agus é leath beallaí idir dhá thalamh chonaic sé béitheach capaill ag éirí í ndiaidh an churraí aníos as an bhfarraige agus ag goil síos aríst. Nuair tháinig sí aníos an darna h-uair bhí sí níos goire dó, ach air theacht aníos duith an triú h-uair nocht sí fhéin isteach air dheireadh an churraí.
Tháinig bean rua í ndeireadh an churraí, thug guailinn gon bhéitheach agus chuir amach a bhfarraige í. Ansin labhair sí amach le Seán a bhí ina shuí air an tseas tosaigh agus bhí bean eile sa gcurrach chómh maith.
An aithnaíonn tú mé? arsa an bhean rua. Aithnaiom arsa Seán, is tú mo bhean phóstaí.
​
Bheil, ar sise ná bí chómh mall seo choíche aríst, má thig leat é bí í dtoiseach ach ná bí ar deireadh. Ón lá sin go lá a bháis níor sheas Seán in Inis Gluaire ní ba mhó.
​
TAIBHSE OILEÁN SA TUAITHE
​
Siar in sna naoi déag cearachadí agus naoi déag caogadí thagadh soigheach an ghuail isteach go Fód Dubh leis an ngual a bhí ag teastáil le haighaidh na bliana chun na trí tithe solais a rith ar feath na. Fear áitúil de thógáil Inis Céidhe darbh ainm Pádhraic Breathnach, ba aige a bhí an congradh leis an ngual a chur amach ar na carraigeacha.
Bhíodh go leór fir áitúil ag saorthú chupla punta fhad agus bhíodh obair an ghuail ar siúl bád seóil a bhí ag Pádhraic Breathnach agus bhíodh an chuid ab fhearr de na fir farraige leis sa mbád í gcónaí. Ansin, bhíodh cupla cairt bheithí ag tarraingt an ghuail aníos ón gcladach go dtí an teach solais ar an Fhód Dubh. Lá amháin bhí uncail liom fhéin agus mac le fear an bháid ag obair ar Oileán sa Tuaith, bhí siad ag iompar na málaí aníos ón landáil go dtí an stór agus dhú cgur ina seasamh í mullach a chéile agus ag déanamh cárnán árd dhíobh.
An uair seo bhí siad beirt ag tíocht aníos le dhá mhála agus nuair a bhí siad í ngar den chárnán choinic siad mála dhá thógáil suas san aer agus dhá chaitheamh ina dtreaó, ní nach íonadh baineadh lán a mbunna astú go bharr go raibh fhios acu nach duine saolta a rinne sin. “Gheobhfaidh tú do théadh anocht”, arsa an Breathnach le mo uncail, “tá taibhse na carraice í ngar dhuit”.
An oíche sin nuair a siad tamall ina gcoladh chuala siad torann na mbróg ag tíocht aníos an staighre, “nár dhúirt mé leat go mbeadh sé anseo”. Bhí an bheirt ina gcoladh ar aon leaba agus mo uncail a bhí le balla, faoin tráth seo bhí sé ag tabhairt na gcor agus na múnógaí allais leis le teann faitéis.
Ansin labhair an Breathnach go fearragach leis an taibhse, “má thagann tú níos goire cuirfidh mise san áit thú nach bhfágfidh tú go haibéil”. Chas sé air a sháil, amach an doras agus síos an staighre aríst. Ní raibh aon fhaitéas an mBreathnach mar bhí ceist an taibhse aige. Thaispáin sé de mo uncail ar maidin ar chúl na carraice an áit a neacha duine de na fir solais le fánne chupla bliain roimhe sin, bhí a chuid fola le feiceál ar an gcarraig.